Márta agus Aibreán: 08:00 – 19:00
Áirigh Ar Líne Amháin

Suíomh agus treoracha

Cá bhfuil Aillte an Mhothair suite?

Tá Aillte an Mhothair suite ar chósta thiar na hÉireann gar do shráidbhaile Lios Ceannúir i gCo. an Chláir.

Treoracha ag teastáil?

Is é Aerfort Idirnáisiúnta na Sionainne an t-aerfort is gaire d’Aillte an Mhothair agus gan é ach  uair an chloig ar shiúl. Is féidir eitilt dhíreach a fháil ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ó mhórthír na hEorpa chuig an aerfort seo a fhreastalaíonn ar Chósta Thiar na hÉireann agus ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Caith do shúil ar shuíomh Aerfort na Sionainne chun tuilleadh eolais a fháil maidir le eitiltí.

Comhordanáidí GPS:
Ionad na gCuairteoirí 52.97201, -9.42592. An Carrchlós 52.97256, -9.42170.

Tá sé éasca do bhealach a dhéanamh chuig  Aillte an Mhothair, ó Ghaillimh (1.5 uair), Inis (40 nóiméad), Luimneach (1.25 uair), chomh maith leis an mbád farantóireachta a sheolann ó Thairbeart i gCiarraí go Cill Íomaí sa Chlár (45 nóiméad). Tá Baile Átha Cliath thart ar 4 huaire chloig ar shiúil, ag tógáil Bóthar Luimnigh.

Ceadaigh suas le 2 uair  an chloig duit féin chun dul ag spaisteoireacht thimpeall ar Aillte an Mhothair. Cén fáth nach bhfanann tú thar oíche sa cheantar le go mbeidh tú in ann lántairbhe agus sult a bhaint as do thuras, as an gcultúr agus as an gCeol Gaelach. Caith súil ar www.clare.ie

Aillte ó bhun Cruacha

Conas teacht ar Aillte an Mhothair

Tóg an N18/M18 i dtreo Inis. Ón M18 tóg bealach amach an N85 – Inis/Inis Díomáin. (Acomhal 12)
Lean na comharthaí go hInis Díomáin ar an N85 ag dul trí shráidbhaile Eidhneach. Nuair a shroicheann tú Inis Díomáin beidh casadh géar sa mbóthar ar chlé ar an N67 (Beidh an Leacht le feiceáil ar an gcomhartha bóthair). Tá an casadh seo cúng go leor mar sin glac staidéar agus tiomáin go mall.

Ag an Leacht, cas ar dheis ar an R478 (feicfidh tú comhartha bóthair d’Aillte an Mhothair)
Lean ort ar an mbóthar seo ar feadh thart ar 4km go dtí go sroicheann tú sráidbhaile Lios Ceannúir. Ar aghaidh leat tríd an sráidbhaile agus lean an R478. Lean ar aghaidh ar an R478 ar feadh 5.6km, beidh an bealach isteach chuig clós na mbusanna le feiceáil ar thaobh na láimhe clé agus beidh an carrchlós ar thaobh na láimhe deise.

Bealach na Radharc: Fág Gaillimh agus déan do bhealach go Luimneach ar an N67 (N18):

Lean an N67 go Cill Cholgáin. I gCill Cholgáin cas ar dheis ar an N67, feicfidh tú comhartha bóthair Bhaile Uí Bheacháin agus d’Aillte an Mhothair. Téigh trí shráidbhaile Chinn Mhara agus ar aghaidh i dtreo Bhaile Uí Bheacháin ar an N67. Féach na treoracha ó Bhaile Uí Bheacháin.

Fad an turais 1 uair 45 nóiméad.

Ar an Mótarbhealach: Ar Mhótarbhealach an M18 – Fág Gaillimh agus lean an R336, R338, agus Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath go dtí an N67.

Lean an N67 agus lean ort díreach ar an R458. Déan do bhealach isteach leis an M18 tar éis an chomhartha d’Inis/Luimneach.

Ag Acomhal 12, tóg an N85 go hInis/Inis Díomáin/Cill Rois.

Lean an N85 go dtí Bóthar Lios Ceannúir R478 san Leacht.

Lean an R478 ar feadh 10km agus beidh an carrchlós ar thaobh na láimhe deise díot.

Fad an Turais 1 uair 36 nóim.

Tá dhá rogha agat I mBaile Uí Bheacháin:

Rogha 1: Tóg bóthar an chósta (R477). Is bealach iontach álainn é seo a thugann go leor radharcanna ar an mBoirinn agus ar Chuan na Gaillimhe. Ach, cuireann sé an bóthar seo thart ar 20 nóiméad le fad an turais. Lean an R477 trí Fhánóir agus déan do bhealach isteach leis an R479 agus ansin an R478 in aice le Dúlainn. Fan ar an R478 go sroichfidh tú Aillte an Mhothair.

Rogha 2:Tóg an N67 i dtreo Lios Dúin Bhearna a thugann suas Aill na Tulach tú, bóthar casta ach álainn é seo áit a bhfeicfidh tú radharcanna iontacha an Bhoirinn. Rachaidh tú tríd baile Lios Dúin Bhearna ag fanacht ar an N67. Cas ar dheis ar an R478 áit a mbeidh comharthaí d’Aillte an Mhothair.

Beidh an charrchlóis ar thaobh na láimhe clé den bhóthar.

Fad an turais ó Bhaile Uí Bheacháin 45 nóiméad, ó Lios Dúin Bhearna timpeall 25 nóiméad.

Conas teacht anseo ar iompar poiblí?

Cibé an bhfuil tú ag taisteal ar bhus, ar chóiste, ar thraein nó ar rothar, seo an chaoi le do bhealach a dhéanamh chuig Eispéireas Aillte an Mhothair.