Márta agus Aibreán: 08:00 – 19:00
Áirigh Ar Líne Amháin

Ag na hAillte

Tá Aillte an Mhotair ag síneadh amach os cionn chósta iarthar an Chláir agus é ar cheann de na heispéiris is fearr do chuairteoirí chun na tíre seo.

á Aillte an Mhothair, a théann i bhfeidhm go mór ar an tsúil, suite idir tírdhreach an Bhoirne agus an tAigéan Atlantach . Ag síneadh amach os cionn uiscí an Atlantaigh agus iad os cionn 700 troigh ar airde ag Túr Uí Bhriain, leanann na hAillte orthu ar feadh beagnach 14 ciliméadar, nó 8 míle de Chósta an Chláir. Tá Aillte an Mhothair breis agus 320 milliún bliain d’aois, agus is cuid de Geopháirc Dhomhanda UNESCO iad an Bhoirne agus Aillte an Mhothair.

Ag Na hAillte

An iliomad le déanamh ag Aillte an Mhotair

Siúil na cosáin shábháilte pábháilte agus féach ar na hAillte cáiliúla ar imeall thiar na hEorpa agus bain sult as na radharcanna iontacha mórthimpeall.

Tá a n-áilleacht nádúrtha tar éis ealaíontóirí, ceoltóirí agus filí a spreagadh leis na glúnta, agus tá eolaithe agus geolaithe gafa leis an áit, iad á mealladh ag an tírdhreach uathúil mórthimpeall.

Fágfaidh Aillte an Mhothair, na haillte is cáiliúla in Éirinn, iontas ort, ag cruthú cuimhní cinn a fhanfaidh leat go deo.

 

Caithfidh tú lá iontach ag Eispéireas Aillte an Mhothair agus i deis iontach atá ann teagmháil a dhéanamh arís go sábháilte le cairde nó le teaghlach i dtimpeallacht nádúrtha iontach a bhfuil cead isteach saor in aisce ag leanaí ann.

Fágann na cosáin 800 méadar sábháilte pábháilte go dtí na limistéir bhreathnaithe áille ónar féidir na hOileáin Árann, Cuan na Gaillimhe, Sléibhte Mhám Toirc agus fiú Ciarraí a fheiceáil uait ar laethanta breátha.

Tóg am le labhairt leis na treoraithe a bhfuil taithí acu ar an láthair agus tabharfaidh siad léargas ar scéal na n-aillte duit ag roinnt a gcuid eolais ar stair, miotaseolaíocht, geolaíocht agus béaloideas na háite.

Tá Feithicil soghluaisteachta leictreach – Lifts Of Moher – ar fáil dóibh siúd nach bhfuil chomh láidir céanna ar na cosa chun iad a chuig na láthair faire.

Turas Lae den scoth

Tá den chéad scoth le fáil l ó na caiféanna go háitiúi nó ordaigh picnic blasta chun bheith agat agus tú ag baint sult na radharcanna deasa. Tá boird phicnic ar fud na háite agus tá pluideanna picnic ar fáil ach iad a iarraidh.

Más mian leat cúpla punt a chaitheamh, tá roinnt siopaí ceardaíochta ar an phromanáid lasmuigh d’ionad na gcuairteoirí, chomh maith leis an siopa ceardaíochta agus bronntanais, ag tairiscint raon leathan earraí a dhéantar go háitiúil.

Tóg roinnt ama chun féachaint ar ghníomhaíocht na 30,000 péire éan mara a neadaíonn ar na haillte le linn an tséasúir goir. Tá déshúiligh ar fáil ar iasacht ag seirbhísí do chustaiméirí. Is tearmann é an suíomh d’éin mhara agus do bhláthanna fiáine neamhchoitianta agus áille agus cuireann sé féasta ar fáil do na céadfaí ar fad. Táimid ag tnúth le fáilte a chur romhat chuig Aillte an Mhothair go luath.

Íoslódáil an Aip agus Clos-treoir Aillte an Mhothair – stór faisnéise faoi na hAillte, a bhfuil sé mar aidhm leosiamsaíocht agus eolas a chur ar fáil.