Márta agus Aibreán: 08:00 – 19:00
Áirigh Ar Líne Amháin

Conas do bhealach a dhéanamh anseo

Cuireann Bus Éireann seirbhís laethúil bus ar fáil ó Ghaillimh go hAillte an Mhothair agus as sin go hInis.

Téann Bealach 350, ó Ghaillimh go hInis, ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin sé huaire sa lá le linn míonna an tsamhraidh. Féach ar amchlár an 350 chun cabhrú leat do thuras a phleanáil. Déan cinnte go gceannaíonn tú ticéad d’Aillte an Mhothair ar líne roimh ré chun na rátaí is fearr a fháil. Íoslódáil an Aip agus éist leis an bhfuaim rian ar an mbealach chun níos mó a fhoghlaim faoi Aillte an Mhothair.

Le tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar buseireann.ie.

Nuair a thagann tú chomh fada le hAillte an Mhotair déan do charr a  pháirceáil sa phríomhcharrchlós trasna ó ionad na gcuairteoirí. Molaimid duit do thicéid a chur in áirithe ar líne roimh ré le bheith cinnte go mbeidh cead isteach agat agus le ham a shábháil.

Más tiománaí nó paisinéir faoi mhíchumas thú, a bhdfuil ceadúnas ar do thoil agat, téigh ar aghaidh go  príomhchlós na gcóistí áit a bhfuil roinnt áiteanna páirceála sainithe ar fáil in aice le hIonad na gCuairteoirí, má tá na spásanna seo lán  tá spásanna breise sa phríomhcharrchlós. Cuirfidh an freastalaí ag an gcábán iontrála comhairle ort agus treoróidh sé thú chuig na spásanna atá ar fáil sna limistéir atá sainithe do pháirceáil do dhaoine faoi mhíchumas. Féach ar Pháirceáil .

Má tá tú ag taisteal i bhfeithicil le chauffeur is féidir ticéid a cheannach ar an suíomh roimh ré. Tá páirceáil do fheithiclí le chauffeur lonnaithe sa charrchlós. Tá saorchead isteach ag natiománaithe.

Is féidir cairr a fháil ar cíos ar fud na hÉireann. Is é Avis Budget Ireland an comhpháirtí cíosa gluaisteán is fearr linn agus tugann siad lascaine 10% do chuairteoirí Aillte an Mhothair nuair a úsáideann siad ceann dá gcód lascaine.

Tabhair cuairt ar www.avis.ie/staycation agus úsáid an cód lascaine V002400   Tabhair cuairt ar www.budget.ie/staycation agus bain úsáid as an gcód lascaine Stay10

Pioc le do thoil do thicéad iontrála ag cábáin ghlasa an charrchlóis phoiblí, áit ar féidir le tiománaithe tacsaí cead isteach saor in aisce a fháil.

Is féidir leat nasc iarnróid a fháil go hInis, trí Luimneach, agus ansin gabháil ar an mbus. Tá na príomhchathracha go léir in Éirinn nasctha le traein lena n-áirítear Baile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach, Corcaigh agus Béal Feirste. Is féidir leat freisin an traein a fháil go Gaillimh agus bus a fháil uaidh sin.

Tabhair cuairt ar Iarnród Éireann  chun tuilleadh eolais a fháil.

Tá na bóithre thimpeall ar Aillte an Mhothair agus Cósta Chontae an Chláir áirithe ar na 10 mBealach Rothaíochta is fearr ar domhan – agus tá na hAillte mar chuid aitheanta de Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Baineann rothaithe taitneamh as na radharanna breátha agus saoirse an bealach mór.

Tá go leor comhlachtaí ar fud na tíre a thairgeann turais chóiste sócúla timpeall na hÉireann. A bhformhór acu siúd ag tabhairt a n-aghaidh ar na príomh áiteacha spéise do chuairteoirí ó oirthear go iarthar na tíre agus ó thuaidh go ó dheas. Tabhair cuairt  ar www.itoa-ireland.com  le haghaidh tuilleadh eolais.

Chun an méid is móa bhaint as do thuras, molaimid duit cuairt a thabhairt ar an áit taobh amuigh de na buaic-uaireanntaí 11r.n – 4i.n. An bhfuil tada níos fearr ná siúlóid aonair go luath tráthnóna? Molaimid duit freisin am a chaitheamh i gContae an Chláir; fanacht thar oíche sna bailte agus sráidbhailte áitiúla agus cuairt a thabhairt ar na háiteanna is mó a mheallann turasóirí.

Má tá do chuid ama an-ghearr agus mura bhfuil aon rogha eile agat is féidir leat turas cóiste lae a dhéanamh chomh maith go hAillte an Mhothair as Inis, Luimneach, Corcaigh, Gaillimh nó Baile Átha Cliath. De ghnáth tógann turas lae lá iomlán ag fágáil Baile Átha Cliath ag 7 r.n agus ag filleadh ar 7 i.n nó níos déanaí. (Cuimhnigh go mbeidh tú sa bhus ar feadh 7 n-uaire ar a laghad).

flóra agus fána

An raibh a fhios agat?

Go bhfuil Contae an Chláir ar cheann de na 10 n-áit is fearr ar domhan le dul i mbun rothaíochta dar le Lonely Planet.

Cuirtear béim mhór ar an  rothaíocht anseo freisin mar mhodh iompair inbhuanaithe agus chun astuithe carbóin a laghdú.

Tá páirc rothar le léarscáil den cheantar áitiúil in aice le ionad na gcuairteoirí. Tá stór bagáiste ar fáil saor in aisce i siopa bronntanas Shannon Heritage ar an bpríomh urlár in Ionad na gCuairteoirí. Is féidir rothair chamchuairte a fháil ar cíos go háitiúil sa Leacht agus i nDúlainn, agus is féidir r-rothair a fháil ar cíos i gCill Fhionnúrach.

Seiceáil Burren.ie le haghaidh bealaí rothaíochta.
Tairgeann gréasán Rothaíochta Thuaisceart an Chláir ceithre rotharbhealach idir 18km agus 47km le go leor roghanna eile níos giorra. Íoslódáil an léarscáil de réigiún an Chláir Thuaidh.