Márta agus Aibreán: 08:00 – 19:00
Áirigh Ar Líne Amháin

Praghsanna na dTicéad ag Aillte an Mhothair

Rátaí iontrála

Áiríonn cead isteach chuig Eispéireas Aillte an Mhothair cead isteach ag na saoráidí uile atá ar an láthair lena n-áirítear

  • Ionad na gcuairteoirí áit a mbeidh fáil agat ar thaispeántas féintreoraithe faoi na haillte, chomh maith leis an amharclann áit a bhfuil eachtra fíor-réalaíoch na haillte ag fanacht ort!
  • 800m de chosáin sábháilte pábháilte agus láthair faire iontacha lena n-áirítear Túr Uí Bhriain agus radharc ó bharr an díon áit ar féidir cúig chontae a fheiceáil ar lá breá.
  • Clostreoir agus Aip – tá na nithe sin saor in aisce le híoslódáil – comhaid fuaime ó mhuintir na háite, eolas ar gach gné de na hAillte, léarscáileanna, agus blúiríní eolais eile a chinnteoidh nach ndéanfaidh tú dearmad ar do thuras go brách..
  • Leithris
  • WiFi
  • Páirceáilgan teorainn
  • Fáil ar do chách
  • Seirbhísí saor in aisce ar nós déshúiligh agus pluideanna picnice ar iasacht
  • Láthair phicnice agus áit inár féidir greim a ithe ar do chompord taobh istigh, dóibh siúd ar mian leo a gcuid sneaiceanna féin a thabhairt leo
  • Stáisiún uisce chun do bhuidéal a líonadh arís
  • Luchtú gutháin agus stóráil bagáiste, seomra Garchabhrach, agus seomra machnaimh
  • Feithicil soghluaisteachta leictreach “Lifts of Moher” á thiomáint ag treoraithe a bhfuil taithí acu lena chinntiú nach gcaillfidh cuairteoirí nach bhfuil chomh maith sin ar na cosa na radharcanna agus na taithí iontacha.
Adult 0
Child under 12 (free) 0
Student 0
Senior** 0
Family 0

Praghsanna na dTicéad ag Aillte an Mhothair, áirithintí ar líne amháin

Chun na rátaí is fearr a fháil, cuir do thicéad in áirithe ar líne. Tabhair cuairt taobh amuigh de na buaic-amanna 11 am – 4 pm le haghaidh eispéireas níos taitneamhaí agus níos ciúine. Is féidir a bheith anseo d’éirí gréine agus luí na gréine chomh maith – eispéireas an-speisialta, a bheidh i do chuimhne choíche

Uaireanta Seachbhuaice na maidine = 8r.n. -11r.n.
Buaic-amanna = 11r.n. – 4i.n.
Uaireanta Seachbhuaice an tráthnóna = 4i.n.- Dún

  • *Tá SAORCHEAD ISTEACH ag páistí í faoi 12 agus tuismitheoir/caomhnóir in éineacht leo (ceathrar páistí ar a mhéad)
  • Áirítear 2 Duine Fásta, 2 Pháiste faoi 12 le Ticéad Teaghlaigh.
  • **Is duine os cionn 65 bliain d’aois é saoránach sinsearach.

*Ní bhaineann an cur chun cinn “saorchead isteach do Pháistí” le grúpaí oideachais, grúpaí scoile nó grúpaí a thagann isteach ar bhus.
Caith do shúil ar Airthintí Grúpa do ghrúpaí de 10 nó níos mó ar mian leo cuairt a thabhairt ar an Túr.

Le haghaidh grúpaí de 10 nó níos mó daoine chuig an Túr féach le do thoil Áirithintí Grúpa.